D’íoslodáil mé feidhm-oideas téacs nua do mhobiles ó Vodafone le deanaí.
Seolaim corr-téacs trí Ghaeilge ach ní dóigh liom go bhfuil siad ar fad litríu i gceart. Sé an scéal ná go bhfuil sé deacair síneadh fada a chur isteach. Chomh maith le sin, ní aithníonn an fon an teanga í fein.

Mar fhreagra ar an scéal, tá BnaG agus Vodafone tagtha le chéile leis an mbogearraí nua seo a scaipeadh. An príomh-bhúntáiste ná go bhfuil foclóir Gaeilge san iamh leis agus go n-obríonn sé le téacsáil thuarthach Gaeilge.
Mo bhreithiúnas air
An rud is fearr, ná an foclóir é fein. De réir an usaide a bhí agam go dtí seo, tá sé cuimsitheach, cruinn agus leathan.
Bhain mé tríail as gnath-téacs a sheoladh (gearr-téacsanna direacha iad den chuid is mó). Mar shámpla:
- Bhfuil tú ann?
- Fós ag teacht anocht?
- (Beidh mé ann) ag 8.30in.
- (Beidh mé ann) i 5 bomaite.
- (Tá mé) ar an mbealach.
- Cen t-am?
- Bhfuil tú abhaile ?
- Tá go maith
- Maith go leor
- Theip orm do scairt a fhail. Glaofaidh mé ort nios deanaí.
- Táim i ngrá le Sharon Ní Bheoláin
Maith, ach…
Tá an bogearraí sar-mhaith ag tuar ná bhfocal. D’aithnigh sé beagnach gach focal i gceart, seachas cúpla céann. Caithfidh mé a adhmháil nar usaid mé go fíor “in anger” go dtí seo, ach pé scéal é thaitin an ghné sin liom
An focal is minice a theipeann air a aithniú ná “ann”. Molann an uirlis “aon” ina ait. Ach, amharc ar an liosta thuas. Tá “ann” usaide 3 uaire agam sna scealaí a sheolaim is minice. Fadhb? Cinnte, ach beag.
Léigh tuilleadh faoi Téacs ar www.teacs.ie
(GRMA? ”Go raibh maith agat”.)
March 2, 2009 at 5:38 pm
Sin a bhfuil.
March 2, 2009 at 9:24 pm
D’ioslódáil mé féin Téacs a luath is a cuireadh amach mé agus caithfidh mé a rá cosúil le páiste bhí sceitimíní orm faoi. Is fada a bhíomar ag fanacht ar seo ó thosaigh Na Gaeil Óga a bhfeachtas blianta ó shin. Aontaím nach bhfuil mór an gearáin a d’fhéadfá dhéanamh faoin bhogearra seo ann féin. Éiríonn leis, mar a dúirt tú, an chuid is mó de na focal a thuar i gceart. Ar a laghad ní bhíonn sé ag teacht aníos le focal nach ann dóibh sa teanga mar a dhéanaim mo cheann Béarla! Ach sin uilig ráite bhí díomá orm nuair a bhfuair mé é. Bhí mé ag súil le T9 a d’fhéadfainn úsáid láithreach ó m’fhuinneog théacs i dteannta le mo T9 Béarla. Ní smaoiním ar feidhmchlár eile a oscailt nuair atá téacs le scríobh agam. Ach is céim chun tosaigh é níl aon ceist faoi sin!
Maith sibh as tús maith a chur le Seachtain na Gaeilge, dála an scéil! Go mhairfidh sé chuile sheachtain!
Roseanne
March 3, 2009 at 5:52 pm
Díreach an gearán cheanna a bhí agam. Is mór an trua go n-oibríonn sé mar fheidhchlar. Is oth liom a rá nach n-usaidfidh mé chomh rialta agus arb’fhearr liom, mar go dtogann sé cupla seicead eile le h-oscailt. So, tús maith gan amhras. Ach anois, tá leath eile na h-oibre le déanamh.
Pingback: iia blog » Cuireann iQContent tús maith le Seachtain na Gaeilge